Letra de Seoithín seothó de Muireann Nic Amhlaoibh
Busca letras de canciones, artistas y radios de diferentes paises y ciudades.
Letra de SEOITHíN SEOTHó de MUIREANN NIC AMHLAOIBH.
( Muireann Nic Amhlaoibh )
Chorus:
Seoithín seothó, mo stór é mo leanabh
Mo sheod gan chealg, mo chuid den tsaol mór
Seoithín seothó, nach mór é an taitneamh
Mo stóirín ina leaba ina chodladh gan bhrón
A leanbh, mo chléibh, go n-éirí do chodladh leat
Slán agus sonas a choíche ´do chomhair
Seo beannacht Mhic Dé agus téagar a Bhuime leat
Téiríg a chodladh gan bíogadh go ló
Ar mhullach an tí tá síoga geala
Fá chaoin ré an earraigh ag imirt a spóirt
Is seo iad aniar chun glaoigh ar mo leanbh
Le mian é tharraingt isteach sa lios mór
Goirm tú, a chroí, ní bhfaighfidh siad do mhealladh
Le brí a gcleas ná le binneas a gceoil
Táimse led´ thaoibh ag guí ort na mbeannacht
Seoithín, a leanbh, ní himtheo´ tú leo
(Chorus)
Ós comhair mo lao, go míochair ceanúil
Tá díl-roisc aingeal ag faire ina threo
Le mór-ghrá dian á iarraidh chun bealaigh
Mar b´aoibhne flaithis dá raghadh sé leo
A stór mo chroí, luigh siar i do leaba
Taobh le do Mham is ea fanfair go fóill
Ní mór liom do Dhia mo shiamsa ´gus m´aiteas
Mo riocht ar talamh i dteannta mo bhróid

Corregir letra
- Si considera que hay algún error en la letra de canción por favor reportarla, esto nos ayudara a crear un mejor sitio web para todos.
Reporte enviado sin dirección de correo no sera tenido en cuenta.