Letra de An spealadóir

Muireann Nic Amhlaoibh

Letra de An spealadóir de Muireann Nic Amhlaoibh
Busca letras de canciones, artistas y radios de diferentes paises y ciudades.

Letra de AN SPEALADóIR de MUIREANN NIC AMHLAOIBH.

( Muireann Nic Amhlaoibh )

Le meán an fhómhair dá chaitheamh dom
Ba mhór dubhach mo scéal
Go breoite, brónach, atuirseach
Gan sólás insa´ tsaol
Mo pháircín féir gan gearradh uaim
De dheascaibh clainn an Bhreacluain
´Gus féar na gcomharsan treascartha
Á chíoradh le gréin

Chorus:
Dá bhfaighinnse speal ó Shasana
´Gus crann ó Locha Léin
Cloch is clár is gaineamh air
Ó dhúiche Uí Néill
Do chuirfinn faobhar ar maidin suas
´Sheasódh ar feadh na seachtaine
Is bearrtha ´bheadh an t-acra
Le fáinne an lae

Do shmaoiníos féin im´ aigne
San oíche trím´ néal
Go raibh beirt fhear óga chalma
Do mhaíomh a bhfaobhar
Féna ndéin do ghaibh mo theachtaire
Chun mo pháircín féin do ghearradh dhom
´S is grámhar, fáilteach freagarthach
Do thánadar araon

(Chorus)

I gcóir is i bhfaobhar bhí speal acu
Le fáinne an lae
´S do luíodar siúd go slachtmhar glan
Is iad ag baint an fhéir
Seala beag don eadartha
´S a lán don lá gan caitheamh fós
Do bhí dóthain siúd di leagaithe
´S é bearrtha go cré

(Chorus 2x)